Ról na bhFear sa Dráma

Description

Leaving Cert An Triail Note on Ról na bhFear sa Dráma, created by gaeilgebenildus on 15/10/2014.
gaeilgebenildus
Note by gaeilgebenildus, updated more than 1 year ago
gaeilgebenildus
Created by gaeilgebenildus over 9 years ago
759
11

Resource summary

Page 1

‘Mharaigh mé mo leanbh de bhrí gur chailín í. Tá sí saor. Ní bheidh sí ina hóinsín bhog ghéilliúil ag aon fhear’. Déan plé ar an bpáirt a ghlacann na fir sa dráma seo agus ar an léiriú a dhéantar orthu.   Bheadh sé soiléir do dhuine ar bith gur daoine leithleasacha iad formhór na bhfear sa dráma seo. Ag an am céanna áfach, ní féidir a rá nach daoine leithleasacha iad formhór na mban sa dráma freisin. Feictear domsa go bhfuil an drámadóir, Mairéad Ní Ghráda, ag iarraidh cur in iúl dúinn go bhfuil leithleas agus fimíneacht ag baint le sochaí na hÉireann sna seascaidí.  Bhí agustá fós, cáil ar mhuintir na hÉireann mar chine cráifeach, caitliceach. Sa dráma seo tugtar deis don lucht féachana breathnú faoi bhun an dromchla agus is scéal iomlán difriúil é i ndáiríre. Feictear an easpa críostaíochta agus an easpa tuisceana a bhí ann ag an am. Is í an cheist is tábhachtaí do lucht féachana an lae inniu ná ‘an bhfuil feabhas tar éis teacht ar shochaí na hÉireann nó an bhfuil an fhimíneacht agus an leithleachas céanna fós ann?’   Má scrúdaítear na fir go speisalta feictear nach deas an dream iad. Tóg mar shampla Liam Ó Cathasaigh, deartháir Mháire. Is duine mímhacánta agus leithleasach é. Tá sé sa tóir ar Bheití De Búrca fiú go ngeallann sé dá Mháthair nach bhfuil spéis ar bith aige inti ‘níl aon tóir agam ar Bheití De Búrca’. Oíche an rince tá níos mó spéise aige ina mhianta féin a shásamh seachas aire a thabhairt dá dheirfiúr. Ligeann sé di dul abhaile ina haonar mar go bhfuil sé féin ‘gnóthach’. Tá sé báite i bhféintrua ag deireadh an dráma, ach níl aiféala ar bith air nár chabhraigh sé le Máire. Cuireann sé an milleán ar Mháire gur bhris Beití an cleamhnas leis, deir sé ‘níor fhéad sí an phoiblíocht a sheasamh’. Díreach ar nós formhór na gcarachtar eile sa dráma seo déanann sé tréaniarractht éalú ar fad ón milleán. Deir sé ‘ní ormsa is cóir aon phioc den mhilleán a chur ……ní mise a coimeádaí’.   Níl Seán Ó Cathasaigh, deartháir eile Mháire, níos deise mar charachtar ach oiread. Is duine místuama agus míthuisceanach é Seán. Tá sé an-dian ar Mháire agus déanann sé feall uirthi nuair a sceitheann sé uirthi dá mháthair. Insíonn sé di ‘go raibh sí breoite ar maidin’ agus nach nglacann sí ‘Comaoineach Naofa’. Ní thaispeáineann Seán carthanacht ar bith i leith a deirféar agus é ina ábhar sagairt. Ní smaoiníonn sé ar chúrsaí móráltachta mar tá sé ró-bhuartha faoi thuairimí a chomhrádaithe sa choláiste. Tá sé chomh nimhneach, cruachríoch lena mháthair. Deir sé gur pheacaigh Máire in aghaidh Dé nuair a d’éirigh sí torrach agus ‘ba chóir bheith dian uirthi’ mar thoradh, dar leis. Feictear an fhimínteacht a bhain leis an Eaglais Chaitliceach i gcarachtar Sheáin.   Is é Pádraig Mac Carthaigh bithiúnach an dráma gan aon amhras. Déanann sé feall uafásach ar Mháire. Baineann sé úsáid as Máire chun a dhúil ainsrianta féin a shásamh agus ansin caitheann sé ar leataobh í. Duine glic is ea é. Tugann sé faoi deara gur chailín neamhúrchóideach í Máire agus meallann sé í le briathra binne agus le caint ghlórmhar ‘féach solas na gealaí ….féach na duilleóga’ agus ‘is tusa mo bhean feasta – is tú mo bhean chéile’. Ní insítear dúinn cad díreach a tharlaíonn ina dhiaidh sin ach mar a deir an seanfhocal ‘is leor nod don eolach’. Gan amhras tréigeann sé Máire in am a gáthair, tar éis dó ‘leas’ a bhaint aisti. Mar a deir Máire féin ‘rinne tú do chuid féin dom’. In ainneoin an méid seo ar fad áfach, fanann Máire i ngrá leis, fanann sí dóchasach go dtiocfaidh sé chuici lá éigin. Nuair a bhuaileann siad ar a chéile arís, trí sheans, i ‘dteach an mhíchlú’, is léir do Mháire faoi dheireadh cén sórt duine atá ann. Diúltaíonn sé féachaint ar a iníon, Pádraigín agus tugann sé ‘striapach’ ar Mháire. Insíonn sé di go bhfuil sé pósta agus insíonn a chara Colm don saol, cé chomh fuarchúiseach agus leithleasach is atá sé. Deir sé gur ‘chuir sé bean is phós sé bean in aon bhlian amháin’. Caithfidh beagnach na carachtair ar fad sa dráma seo cuid de mhilleán na tragóide a ghlacadh ach níl aon amhras gurb é Pádraig Mac Carthaigh an carachtar is ciontaí. Ag deireadh an dráma fágtar é ina aonar ar bhruach na huaighe gan focal a rá aige. Cad is féidir leis a rá? Mar thoradh air cailleadh beirt chailín soineanta gan chúis.   Má fhéachtar ar na fir eile sa dráma is léir go bhfuil leithleachas agus fimínteacht ag baint leo freisin. Tóg mar shampla Colm Ó Sé, déanann sé féin iarracht Máire a mhealladh nuair a bhuaileann sé léi sa chathair. Ní éiríonn leis áfach. Nochtann sé a fhíor-nádúr i ‘dteach an mhíchlú’. Léiríonn sé an dímheas a bhí aige féin, ag Pádraig agus ag fir i gcoitinne do mhná. Deir sé ‘deoch sláinte a ól do gach aon oinsín tuaithe ar leor focal bog bladrach chun í a mhealladh’.   Bíonn Bainisteoir na monarchan deas do Mháire. Bíonn trua aige do Mháire agus tugann sé post di. Nuair nach dtagann Máire ar obair, déanann sé iarracht a fháil amach cad a tharla di. Ag an am céanna áfach, ní thugann sé dóthain measa ná airgid di. Mar a deir sé féin, ‘sé scillinge san uair, níos mó ná an gnáthráta pá dá leithéidí’ agus ‘chuir mise ag glanadh na leithreas í. Ach caithfidh duine éigin iad a ghlanadh’.   Fiú amháin Seáinín an Mhótair, cé go mbíonn seisean lách agus cineálta do Mháire níl sé go hiomlán gan locht. Tá trua aige di cinnte nuair a deir sé ‘cé a duirt gur tír chríostúil í seo, tír a thiomáineann Máire chun lámh a chur ina bás féin agus a leanbh a dhúnmharú’. Leirítear suáilce Sheáinín agus fimínteacht na haoise seo anseo. Ach ag an am céanna léiríonn Seáinín meon an sochaí agus meon na bhfear ag an am nuair a deir sé sa radharc dheirneach ‘an té a bhriseann rialacha an cluiche cailltear ann e’. Gan amhras is leir ón dráma seo gur dhaoine leithleasacha iad formhór na bhfear sa dráma seo. Chomh maith le seo, cuirtear in iúl dúinn go raibh difríocht bhunúsach idir na fir agus na mná i sochaí na hÉireann sna seascaidí, go bhfuil an chumhacht ar fad ag na fir.   An bhfuil an difríocht sin fós ann i sochaí na hÉireann? An bhfuil an leithleachas agus an fhimínteacht fós forleathan ar fud na hÉireann? (1054) O.T Mac Eoin.

New Page

Show full summary Hide full summary

Similar

Cleachtaí ar Nathanna - Botúin Choitianta
gaeilgebenildus
Aiste 3 - Spórt agus na Cluichí Oilimpeacha
gaeilgebenildus
KING LEAR
C.K.
Línte Tábhachtacha ón Dráma
gaeilgebenildus
Nótaí Ranga
gaeilgebenildus
Aimsir Fhaistineach (Future Tense) Broad and Slender, I and 2 syllables
Dan O' Donovan
An Timpeallacht (Foclóir)
Sarah Egan
Using GoConqr to teach English literature
Sarah Egan
Using GoConqr to study English literature
Sarah Egan
Common Irish Words
silviaod119