Sraith Pictiúr 2 (AT 2015)

Description

Flashcards on Sraith Pictiúr 2 (AT 2015), created by Eoghan Mc Dermott on 24/09/2014.
Eoghan Mc Dermott
Flashcards by Eoghan Mc Dermott, updated more than 1 year ago
Eoghan Mc Dermott
Created by Eoghan Mc Dermott almost 10 years ago
302
0

Resource summary

Question Answer
Sraith a dó – Imreoir Gortaithe Pictiúr a haon -Feictear dhá fhoireann ag imirt iomána. -Tá an cluiche idir Scoil éigin agus Coláiste éigin. -Tá an Scoil ag buachaint. -Tá an áit dubh le daoine agus déarfainn go bhfuil an t-atmaisféar leictreach.
Image: 1 (image/jpg)
Sraith a dó – Imreoir Gortaithe Pictiúr a dó -Gortaítear imreoir amháin. -Séideann an réiteoir an fheadóg agus ritheann an bainisteoir amach ar an bpáirc. -Níl an t-imreoir in ann éirí ón talamh. -Tagann beirt fhear amach chun é a iompar ón bpáirc ar shínteán.
Image: 2 (image/jpg)
Sraith a dó - Imreoir Gortaithe Pictiúr a trí -Tugtar an t-imreoir go dtí an t-ospidéal. -Sroicheann siad an t-ospidéal ag a trí a chlog. -Tá scata daoine eile ann ag fanacht ar an dochtúir. -Déarfainn go bhfuil an t-imreoir ag fulaingt go mór mar gheall ar an bpian.
Image: 3 (image/jpg)
Sraith a ceathair - Imreoir Gortaithe Pictiúr a ceathair -Dealraíonn sé go bhfuil orthu fanacht ar feadh dhá uair an chloig. - Tá an bainisteoir ar deargbhuile. -Is léir go bhfuil an t-imreoir cráite leis an bpian. -Tagann an bhanaltra ar deireadh chun sonraí an imreora a thógáil.
Image: 4 (image/jpg)
Sraith a dó - Imreoir Gortaithe Pictiúr a cúig -Feictear an t-imreoir in oifig an dochtúra. -Tá plástar mór ar chos an imreora. -Deir an dochtúir leis an imreoir go bhfuil a chos briste. -Tá air sos fada a thógáil ón imirt.
Image: 5 (image/jpg)
Sraith a dó - Imreoir Gortaithe Pictiúr a sé -Feicimid an t-imreoir ina shuí ar bhínse ag cluiche. -Deir sé lena chairde nach bhfuil cead aige dul ar ais ag imirt go ceann cúig mhí. -Tá sé ag ceapadh go mbeidh air tosú ar an bhficheall a imirt. -Déarfainn go bhfuil frustrachas mór air, ach mar a deir an seanfhocal ‘bíonn cros le hiompar ag gach duine’.
Image: 6 (image/jpg)
Sraith a dó - Imreoir Gortaithe Ceisteanna an Iarrthóra: 1) An bhfuil mórán daoine ag féachaint ar an gcluiche? 2) Cén t-am a shroicheann siad an t-ospidéal? 3) Cad a léiríonn an x-gháthú? Sraith a dó - Imreoir Gortaithe Ceisteanna an Scrúdaitheora: 1) Cé mhéad duine atá ag fanacht sa seomra feithimh? 2) Cén t-am a thagann an bhanaltra chun féachaint ar an imreoir? 3) An gceapann tú go bhfuil áthas ar an imreoir ag an deireadh?
Show full summary Hide full summary

Similar

A-Level Physics: Course Overview
cian.buckley+1
George- Of mice and men
Elinor Jones
GCSE Biology 4 OCR - The Processes of Life
blairzy123
TOEFL Practice
aliking
English Poetry Key Words
Oliviax
GCSE REVISION TIMETABLE
TheJileyProducti
GCSE Chemistry C3 (OCR)
Usman Rauf
GRE Verbal Reasoning Vocabulary Flashcards 1
Sarah Egan
Navegacion
Adriana Forero
GCSE AQA Physics 2 Circuits
Lilac Potato
Information security and data protection
хомяк убийца