Sraith Pictiúr 8 (AT 2015)

Description

Flashcards on Sraith Pictiúr 8 (AT 2015), created by dgraham3719 on 24/09/2014.
dgraham3719
Flashcards by dgraham3719, updated more than 1 year ago
dgraham3719
Created by dgraham3719 almost 10 years ago
289
0

Resource summary

Question Answer
Sraith a hocht – Tine sa Seomra Eacnamaíocht Bhaile Pictiúr a haon •feictear triúr daltaí agus múinteoir sa seomra eacnamaíocht bhaile. •tá na daltaí ag cócaireacht. •is léir go bhfuil an múinteoir ag coinneáil súil ghéar orthu agus ag tabhairt lámh chúnta dóibh. •tá deatach nó b’fhéidir gal ag teacht ón bhfriochtán atá ar an gcócaireán. Sraith a hocht – Tine sa Seomra Eacnamaíocht Bhaile Pictiúr a dó •is scéal iomlán difriúil atá ann áfach. •tá lasracha le feiceáil ag teacht ón bhfriochtán. •tá an buachaill ag ceapadh go bhfuil an tine tar éis tosú mar gheall ar an ola atá ar an bhfriochtán. •tá cuma an-imníoch ar an múinteoir agus cuireann sí chuile dhuine amach ar fhaitíos na bhfaitíos.
Sraith a hocht – Tine sa Seomra Eacnamaíocht Bhaile Pictiúr a trí •is léir go ndéanann an múinteoir an cinneadh an t-aláram dóiteáin a shéideadh. •briseann sí an gloine sa bhosca atá ar an mballa agus brúnn sí an cnaipe. •cloistear an t-aláram ag bualadh ansin. •feictear domsa go bhfuil an cinneadh ceart déanta aici mar ní féidir seans a thógáil i gcásanna mar seo. Sraith a hocht – Tine sa Seomra Eacnamaíocht Bhaile Pictiúr a ceathair •cuirtear in iúl dúinn go dtéann fógra amach thar ghléas idirchumarsáide na scoile. •iarrtar ar gach duine atá i bhfoirgneamh na scoile an foirgneamh a thréigean. •bailíonn na daltaí uilig le chéile ag an ionad tionóil agus glaotar an rolla. •tá gach rud in ord agus in eagar ag na múinteoirí agus go bhfuil na daltaí ag comhoibriú leo mar ba cheart dóibh.
Sraith a hocht – Tine sa Seomra Eacnamaíocht Bhaile Pictiúr a cúig •tugann an cúigiú pictiúr léargas dúinn ar a bhfuil ar siúl laistigh sa seomra eacnamaíocht bhaile. •feicimid go bhfuil beirt bhuachaillí ann agus iad ag múchadh na tine. •tá an chuma orthu go bhfuil an rud ceart á dhéanamh acu. *úsáideann siad na múchtóirí dóiteáin chun an tine a mhúchadh. Sraith a hocht – Tine sa Seomra Eacnamaíocht Bhaile Pictiúr a sé •feictear na daltaí ag dul ar ais isteach sa scoil. •feicimid go bhfuil an múinteoir ag labhairt leis an triúr daltaí sa seomra eacnamaíocht bhaile. •fiafríonn sí díobh an bhfuil siad tar éis ceacht a fhoghlaim ón eachtra seo. •tá an cailín ag ceapadh go mbeidh siad an-aireach as seo amach. •mar a deir an seanfhocal ‘bíonn an mí-ádh féin ar gach duine uair éigin’.
Ceisteanna an Iarrthóra 1) Cé mhéad duine atá le feiceáil sa chéad phictiúr? 2) Déan cur síos ar an múinteoir atá le feiceáil sa chéad phictiúr? 3) Ar éirigh leis an múinteoir an éigeandáil seo a láimhseáil i gceart meas tú? Ceisteanna an Scrúdaitheora 1) Cén bhliain a luaitear sa cheathrú pictiúr? 2) Cad a thugtar ar an rud speisialta atá á chaitheamh ag na daltaí thar an éide scoile agus iad sa seomra ecanamaíocht bhaile? 3) Cá háit sa scoil a bhfuil an t-ionad tionóil lonnaithe?
Show full summary Hide full summary

Similar

'The Merchant of Venice' - William Shakespeare
cian.buckley
Social Influence
smita089
Geography Restless Earth
sophieelizabeth
Biology AS Level UNIT 1
Valentin Andrei
Biology (B2)
anjumn10
Biology Unit 1a - GCSE - AQA
RosettaStoneDecoded
Derecho Aéreo
Adriana Forero
GCSE AQA Chemistry 2 Salts & Electrolysis
Lilac Potato
General questions on photosynthesis
Fatima K
2_PSBD HIDDEN QUS By amajad ali
Ps Test
1PR101 2.test - Část 15.
Nikola Truong