Géibheann le Caitlín Maude Ainmhí mé ainmhí allta as na teochreasa a bhfuil cliú agus cáil ar mo scéimh chroithfinn crainnte na coille tráth le mo gháir ach anois luím síos agus breathnaím trí leathshúil ar an gcrann aonraic sin thall tagann na céadta daoine chuile lá a dhéanfadh rud ar bith dom ach mé a ligean amach
New Page
There are no comments, be the first and leave one below:
Want to create your own Notes for free with GoConqr? Learn more.