Sraith a seacht: Mo Cheol thú! Mo Cheol sibh!

Description

Flashcards on Sraith a seacht: Mo Cheol thú! Mo Cheol sibh!, created by johnmx97 on 24/09/2014.
johnmx97
Flashcards by johnmx97, updated more than 1 year ago
johnmx97
Created by johnmx97 almost 10 years ago
447
0

Resource summary

Question Answer
Sraith a seacht – Mo cheol thú! Mo cheol sibh. Pictiúr a haon . Feicimid fógra atá ar crocadh ar an mballa. • Cuireann an fórga in iúl go bhfuil Coláiste Phádraig chun Grúpa Ceoil Traidisiúnta a chur ar bun. • Cleachtadh ag am lóin agus tar éis am scoile chuile Luan agus Céadaoin. • Deis iontach é seo do na daltaí a bhfuil spéis acu sa cheol traidisiúnta. Sraith a seacht – Mo cheol thú! Mo cheol sibh. Pictiúr a dó • Feicimid an grúpa agus iad i mbun cleachtaidh. • Ceathrar atá sa ghrúpa, beirt bhuachaillí agus beirt chailíní. • Tá beirt ann a sheineann an fhidil, duine eile a sheineann an fhéadóg stáin agus tá duine eile ar an bhflúit. • Tá múinteoir ann freisin agus an grúpa á stiúradh aige. • Tá siad an-díograiseach faoin gceol mar a cúig a chlog tráthnóna an t-am atá ann
Sraith a seacht – Mo cheol thú! Mo cheol sibh. Pictiúr a trí • Feicimid cailín ón ngrúpa agus í ag cleachtadh ina haonar. • Cuireann sí fúithi port nua a fhoghlaim don lá ina dhiaidh sin. • Tá an chuma uirthi go bhfuil a seacht ndícheall á ndéanamh aici. • Is duine thar a bheith díograiseach agus dícheallach í. Sraith a seacht – Mo cheol thú! Mo cheol sibh. Pictiúr a ceathair • Tugtar le fios dúinn go bhfuil an grúpa tar éis páirt a ghlacadh i gcúpla fleá ceoil. • Bhí iomaíocht ghéar sna comórtais ag na fleánna sin. • Ar dtús bíonn an bua ag an ngrúpa ó Choláiste Phádraig i bhFleá an Chontae. • Ina dhiaidh sin bíonn an bua acu i bhFleá an Chúige.
Sraith a seacht – Mo cheol thú! Mo cheol sibh. Pictiúr a cúig • Téann ceoltóirí Choláiste Phádraig ar aghaidh go Fleá Cheoil na hÉireann mar thoradh ar an mbua a bhí acu i bhFleá an Chúige • Tá Fleá Cheoil na hÉireann ar siúl i Leitir Ceannain agus tá an baile lán go poll an phaidrín. • Tá lucht leanúna féin ag Grúpa Ceoil Choláiste Phádraig. • Tá sceitimíní ar chuile dhuine agus atmaisféar leictreach ag an gceolchoirm. Sraith a seacht – Mo cheol thú! Mo cheol sibh. Pictiúr a sé • Buann Grúpa Ceoil Choláiste Phádraig Fleá Cheoil na hÉireann. • Eagraítear ceiliúradh speisialta in onóir éacht stairiúil an ghrúpa. • Moltar an obair dhian a rinne siad agus an comhoibriú ar fad. • Tá chuile dhuine i bpobal na scoile an-bródúil go deo astu. • Mar a deir an seanfhocal ‘cleachtadh a dhéanann máistreacht’.
Sraith a seacht – Mo cheol thú! Mo cheol sibh. Ceisteanna an Iarrthóra: 1) Cé mhéad duine atá sa ghrúpa? 2) Cén t-am atá ar an gclog i bpictiúr a dó? 3) Déan cur síos ar na moltóirí atá le feiceáil i bpictiúr a ceathair? Sraith a seacht – Mo cheol thú! Mo cheol sibh. Ceisteanna an Scrúdaitheora: 1) Sa chéad phictiúr cá bhfuil an fógra le feiceáil ? 2) Cén saghas daoine iad na ceoltóirí seo meas tú? 3) Conas a mhothaíonn pobal na scoile faoin ngrúpa seo?
Show full summary Hide full summary

Similar

MCAT Study Plan
Alice McClean
B7: Further Biology
Matthew Law
IB Bio - Mitosis Quiz
j. stu
CITAÇÕES DE GRANDES FILÓSOFOS
miminoma
Physical Description
Mónica Rodríguez
Computing Hardware - CPU and Memory
ollietablet123
GCSE REVISION TIMETABLE
megangeorgia03
Junior Cert Physics formulas
Sarah Egan
DEV I Part II
d owen
Core 1.5 Mechanisms
T Andrews
Specifc Topic 7.4 Timber (Impacts)
T Andrews